Is é an meatanól, nó an t-alcól meitile, an ceann is simplí de na halcóil, agus is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná CH3OH. Is minic a ghiorraítear an fhoirmle sin go MeOH, ina seasann Me don mheitilghrúpa CH3-.
Le teocht an tseomra, is dual don mheatanól bheith ina leacht éadrom soghalaithe nach bhfuil dath ar bith ann. Rachaidh sé trí thine go héasca, má thagann an gal i dteagmháil le tine oscailte. Tá boladh suntasach ann cé go bhfuil sé ábhairín níos séimhe agus níos milse ná boladh an eatanóil. ...
Léigh níos mó i WikipediaClóscríobh symptom nó galar agus léigh faoi luibheanna a d’fhéadfadh cabhrú, luibh a chlóscríobh agus galair agus comharthaí a úsáidtear ina choinne a fheiceáil.
* Tá an fhaisnéis uile bunaithe ar thaighde eolaíoch foilsithe