Planda bliantúil fosaithe nítrigine, a fhásann timpeall 40 cm ar airde. Na duilleoga cleiteach le 3-8 péire duilleoigíní dronuilleogacha, ag críochnú mar theannóg. Na pisbhláthanna bán le féitheacha liathchorcra, 1-3 cinn díobh ar ghas fada. Na cochaill dronuilleogach le síol teasc-chruthach nó dhó. Ní fios cad as an planda, ach saothraítear é leis na cianta mar bhia-phlanda. Cuid mhaith próitéine sna síolta (iad flannbhuí, donn nó glas), na lintilí.
Clóscríobh symptom nó galar agus léigh faoi luibheanna a d’fhéadfadh cabhrú, luibh a chlóscríobh agus galair agus comharthaí a úsáidtear ina choinne a fheiceáil.
* Tá an fhaisnéis uile bunaithe ar thaighde eolaíoch foilsithe