Planda bliantúil le gas gan mórán géag is ea an cogal (Agrostemma githago), 30-100 cm ar airde, cumhdaithe i ribí bána. Na bláthanna 3-5 cm ar leithead le gais is feadán cailíse lomrach, na peitil scothdhearg/corcra, rud beag mantach. Bhíodh sé ina fhiaile choiteann i ngoirt arbhair i ngach áit tráth, ach ag dul i léig anois, annamh in áiteanna. Tuigtear go bhfuil na síolta nimhiúil. Nuair a bhíonn sé flúirseach, laghdaíonn caighdeán an phlúir a tháirgtear. Tugtar diasa fia air freisin.
Clóscríobh symptom nó galar agus léigh faoi luibheanna a d’fhéadfadh cabhrú, luibh a chlóscríobh agus galair agus comharthaí a úsáidtear ina choinne a fheiceáil.
* Tá an fhaisnéis uile bunaithe ar thaighde eolaíoch foilsithe